Timire-clúdach-Fómhar 15068An Timire

Timire an Chroí Ró-Naofa or an Timire as it is better known is the longest running  Irish Language magazine in the world, in print since 1911 and now available through the web. It comes out 4 times per year, Spring Summer Autumn and Winter. The anchor articles offer reflections on the intentions of Pope Francis for the coming 3 months. Each issue contains a variety of other articles in social, cultural and spirituality areas that would be of interest to our Catholic Christian readers.

From the Pope’s Intention October’15 :

Sclábhaíocht an lae Inniú

Thart timpeall an domhain inniu, tá thart fá 21 milliún duine ina n-íospartaigh de dheasca oibre éigeantais  – 11.4 milliún ban is cailíní agus 9.5 milliún fear is buachaillí.   Tarlaíonn obair éigeantais go mór mór sa tionscal talmhaíochta, in obair tí, sa tionscal miondíola, i gcúrsaí loingseoireachta agus sa tionscal siamsaíochta. Tá oibrithe imirceacha go mór i mbaol. Brabús a dhéanamh an phríomhchúis leis an tionscal seo agus gintear US$ 150 billiún go mí-dhleathach ar an mbealach seo in aghaidh na bliana. …. 

An Comhthéacs Éireannach

In Éirinn tá diandlíthe ann chun obair éigeantais a ionchúiseamh ach tá ag teip orainn íospartaigh den choireacht ghráinniúil seo a aithint is a chosaint.

What’s happening in our World

There are 21 million people today who suffer a modern form of slavery; 11.4 million women and girls and 9.5 million men and boys. Slavery and forced labour happens in the agriculture industry, in the retail sector, in the domestic sector in the seafaring and entertainment industries. Migrants are especially vulnerable. Profit is the main incentive for this exploitation which is estimated to earn US$ 150 Million each year for those who exploit vulnerable others. Léigh leat / read more…

Link: www.timire.ie


Sclábhaíocht an lae inniu.

Grainne O’ Toole

Thart timpeall an domhain inniu, tá thart fá 21 milliún duine ina n-íospartaigh de dheasca oibre éigeantais  – 11.4 milliún ban is cailíní agus 9.5 milliún fear is buachaillí.   Tarlaíonn obair éigeantais go mór mór sa tionscal talmhaíochta, in obair tí, sa tionscal miondíola, i gcúrsaí loingseoireachta agus sa tionscal siamsaíochta. Tá oibrithe imirceacha go mór i mbaol. Brabús a dhéanamh an phríomhchúis leis an tionscal seo agus gintear US$ 150 billiún go mí-dhleathach ar an mbealach seo in aghaidh na bliana. (Foinse: International Labour Organisation).

In Éirinn tá diandlíthe ann chun obair éigeantais a ionchúiseamh ach tá ag teip orainn íospartaigh den choireacht ghráinniúil seo a aithint is a chosaint. Sa bhliain 2006 d’aithin Lárionad um Chearta Imirceach Éire (MRCI – Migrant Rights Centre Ireland) fadhb na hoibre éigeantais nó sclábhaíocht i gcúrsaí obair tí, tógála, miondíola, cúraim, talmhaíochta, iascaigh agus bialainne.  Tharla go raibh oibrithe coinnithe san ionad oibre ag maireachtáil faoi choinníollacha uafásacha, pá dóibh diúltaithe, an ceart dá gcuid doiciméad aitheantais bainte díobh agus bagairtí orthu. Bhí eagla an domhain ar go leor acu roimh a bhfostóirí. D’inis bean amháin do MRCI gurbh fhearr léi an bás ná lá eile a chaitheamh in dteach a fostóra. Chabhraigh MCRI le 220  imirceach a d’fhulaing tríd an obair éigeantais le seacht mbliana anuas, éalú óna bhfulaingt agus bogadh ar aghaidh lena saol. Is turas fada dian do na híospartaigh seo a mbealach a bhaint amach arís sa saol.

Cé go bhfuil ag éirí leis an MRCI go pointe áirithe faire amach do na hinimircigh atá in Éirinn faoi láthair, tá bóthar sách fada le taisteal fós chun a chinntiú go bhfuil éifeacht ag dul leis na bearta i gcoinne na hoibre éigeantais. Níl aon scéim éifeachtach ann a bhfuil sé mar bhua aici coimirce shásúil a chur ar fáil do na híospartaigh sa gcomhthéacs seo. Go fíormhinic, níl na Gardaí in ann a rá cé hiad na daoine atá thíos leis an obair éigeantais agus dá bharr seo níl na hoibrithe iad féin in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí cuí, ar nós tithíochta, stádas inimircigh agus cúnamh ó chomhairleoirí profisiúnta.Tá chuile rud níos measa toisc go bhfuil cor nua sa scéal, is é sin an gáinneáil atá á déanamh ag buíonta coiriúla. Tá an MRCI théis a fháil amach go bhfuil obair éigeantais ann maidir le táirgeadh an channabais in Éirinn. Déantar inimircigh a earcú chun plandaí cannabais a fhás. Cuid acu tá siad faoi ghlas i staid suarach taobh istigh de thithe speisialta a bhfuil sé mar aidhm acu na plandaí a fhás. Nuair a théann na Gardaí isteach sna tithe seo, déantar na hoibrithe ann a ghabháil agus cuirtear coireanna ina leith agus go minic gabhtar téarmaí príosúnachta orthu. Chun a dhul i ngleic leis an gcor nua seo, tá an MRCI ag tabhairt cúnamh do na híospartaigh sa gcaoi gur féidir leo an obair éigeantais a lua mar chosaint, ina trialacha coiriúla. Sa gcomthéacs seo i mí an Mhárta, 2015 éigiontaíodh beirt fhear a luaigh an obair éigeantais mar chosaint ina dtrialacha.

I mí Aibreáin, 2015, rinne Ardchúirt na hÉireann breithiúnas an-tábhachtach go deo nuair a rialaigh sé go raibh teipthe ag an stát bearta a chur i gcrích chun daoine a bhí thíos leis an obair éigeantais a chaomhnú, go háirithe i gcásanna go raibh gáinneáil choiriúil i gceist. Ba é an ní a rialaíodh ná go raibh rialtas na hÉireann ag sárú dlíthe na hEorpa. Ní mór dul i ngleic leis an bhfadhb seo láithreach bonn agus ba chóir córas a chur ar an bhfód chun cabhrú le daoine ar mian leo éalú ó phríosún na hoibre éigeantais. Sa gcaoi seo is féidir leis na daoine seo a gcearta daonna agus a ndínit a fháil ar ais. Amach anseo beidh an MRCI ag stocaireacht le daoine atá buailte síos ag an obair éigeantais chun a chinntiú go mbeidh córas cuimsitheach ann chun coimirce a chur ar fáil do gach éinne a bhfuil sé ag teastáil uaidh. Ina theannta seo, beidh an rialtas ag obair ar Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta chun a dhul i ngleic leis an ngáinneáil. Is deis fíor-thábhachtach í seo chun na hathruithe is gá a dhéanamh. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait ar an ábhar seo, déan teagmháil le do thoil le Gráinne O, Toole, MRCI; ríomhphost: [email protected]

Is oibrí í an t-údar le Lárionad um Chearta Imirceach Éire (MRCI – Migrant Rights Centre Ireland)

INTINN UILECHOITEANN DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR 2015

Gáinneáil ar dhaoine: Go gcuirtear deireadh le gáinneáil ar dhaoine, sclábhaíocht an lae inniu.

Universal: Human trafficking 

That human trafficking, the modern form of slavery, may be eradicated.